Lá an Phaoraigh Quotes
Lá an Phaoraigh
by
Sean Og De Paor4 ratings, 3.25 average rating, 1 review
Lá an Phaoraigh Quotes
Showing 1-5 of 5
“Táim buíoch freisin as ucht na gcairde a rinne mé ar an mbealach – cúpla mí tar éis dom éirí as mar pheileadóir idirchontae fuair mo dheirfiúir Aisling bás, agus d’fhreastail lucht CLG ina sluaite ar an tsochraid. Bhí sí féin sáite sa bpeil; théadh sí chuig gach cluiche a d’imir mé, i gcéin agus i gcóngar, agus fiú agus í an-tinn i rith samhradh na bliana 2005, bhí sí i bPáirc an Chrócaigh don chluiche ceathrú ceannais in aghaidh Chorcaí, an cluiche deiridh agamsa a bheith bainteach le Gaillimh. Tá a fhios agam gur chaoin sí ar an lá sin, agus má tá aon aiféala orm inniu is é nach bhfuil sise anseo anois agus an tsaoirse agam níos mó ama a chaitheamh le mo chlann agus mo mhuintir. Tá brón orm freisin nach mbeidh sí anseo chun aithne a chur ar a nia, nó a neacht, ach tá sí liom i mo chroí istigh.”
― Lá an Phaoraigh
― Lá an Phaoraigh
“Ní féidir leat a bheith i mbéal an phobail ach ar feadh tréimhse áirithe ama, agus níl aon mhaith a bheith díomách nuair nach bhfuil níos mó. Ní i gcomhair stádais ná clú agus cáil a shaothrú a theastaigh uaim imirt sa gcéad áit.”
― Lá an Phaoraigh
― Lá an Phaoraigh
“is é an fhealsúnacht a bhí agam riamh, má tá tallann ag duine go bhfuil sé de dhualgas air iarracht a dhéanamh an cumas atá ann a bhaint amach.”
― Lá an Phaoraigh
― Lá an Phaoraigh
“Níl mé iomlán cinnte fós féin an láidreacht i mo pearsa a bhí anseo, nó an raibh easnamh eicínt ionam, caolaigeantacht seans, a d’fhág go raibh sé éasca luí isteach ar an bpeil.”
― Lá an Phaoraigh
― Lá an Phaoraigh
“Is dóigh gur san ollscoil a tháinig mé ar thuiscint den chéad uair faoi ghné de mo phearsantacht féin, is é sin gur aithnigh mé go raibh dúil mhillteanach agam sa bpeil agus go raibh mé sásta chuile rud eile a chur sa dara háit – clann, cairde, craic.”
― Lá an Phaoraigh
― Lá an Phaoraigh
