INNTI Quotes

Rate this book
Clear rating
INNTI: Uimhir a ceathair déag INNTI: Uimhir a ceathair déag by Michael Davitt
3 ratings, 4.33 average rating, 0 reviews
INNTI Quotes Showing 1-2 of 2
“Mo Sheanmháthair

Ar ais arís lá breá Lúnasa
Canach geosadáin ar foluain
Ar chuile leoithne ghaoithe
Do theach ina sceatraigh
Na cróite ina snaois,
Airím arís ceol na mblianta dearmadta,
Drumadóireacht an bhanna práis
Ag máirseáil síos an bóthar,
Tusa led' sciortaí ardaithe
Ag damhsa ar an screabán
Do sheachtar óg
Náire shaolta fút
Ina bhfál ceilte os do chomhair
Le nach bhfeicfeadh na comharsain
Meidhréis do dhamhsa.”
Deirdre Brennan, INNTI: Uimhir a ceathair déag
“Beatha
- do Mháire Mhic Amhlaoibh,
An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo.


- Níor airigh tú caint ar an slabhcán? -
arsa Mary Nell le hiontas,
an slabhcán a bhailíodh sí ina gearrchaile di
ar charraigreacha an Fháil Mhóir,
a thugadh sí abhaile
is a ghearradh go mion, é a bhruith ainsin le deoirín uisce.
Nuair a d'fhuaraíodh sé dhéanadh sí leac -
an blas a bhíodh air leis an ngráinne salainn!

Níor bhlais Mary Nell an slabhcán le dhá scór bliain:
- Ní bhadrálann éinne thart anseo a thuilleadh leis,
Róleitheadhach atá siad.
Ach an stuif sin a bhíonns ag fear an tsiopa
I bpotaí beaga a thigeann sé, dath pinc air -

'Yoghurt?'
- Yoghurt. Yoghurt!
M'anam go liveálfainn ar an stuif sin.
M'anam go liveálfainn air. -

Tadhg Mac Dhonnagáin, INNTI: Uimhir a ceathair déag