Bhí radharc ann sa chlár teilifíse Lucifer a chonaic mé aréir ar Netflix, radharc a sheas amach dom.
Bhí Mazikeen, deamhain de chuid Ifrinn, ag bualadh leis an aingeal Amanadiel i gcaifé cathrach. Admhaíonn Maze (mar a chuireann Lucifer uirthi mar leasainm) gur breá léi an áit sin, mar bíonn na daoine atá ann sáite ina gcuid oibre.
“Ní thuigeann siad ach go doimhin ina gcroíthe nach bhfeicfidh a gcuid saothair solas an lae go bráth. Cuireann sin an baile [Ifreann] i gcuimhne dom.”
Chuir an ráiteas sin i bhfeidhm orm. Na blianta fada a chaith mé i gcaiféanna; i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Sasana, Cóbanhávan, agus i gCorcaigh. Faoin am seo, tá go leor foilsithe agam, ach tá an fhonn sin orm bheith ag scríobh. Bheith i m’údar. Scríbhneoir. Cé hé an scríbhneoir gan rudaí á scríobh aige? Ach ní leor sin amháin, caithfear bheith fiúntach. Fiú más ealaín, nach mbeadh spéis ag éinne, atá ann, caithfear bheith luachmhar go leor lena chruthú nó lena chur ar phár.
An bhfuil a leithéid fágtha ionam?
Published on June 14, 2023 03:11