What do you think?

Lúcás Ó Briain #1
An Litir
GEARRLIOSTA 'LEABHAR NA BLIANA' 2012: Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain - Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.
Seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.
Seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.
276 pages, Paperback
First published January 1, 2011
About the author
Liam Mac Cóil
15 books4 followersLiam Mac Cóil is an Irish language novelist, a critic, and an essayist.
Born in Dublin in 1952, Liam Mac Cóil lives in the Gaeltacht of Ráth Cairn, County Meath. He has written three novels, An Dochtúir Áthas (Doctor Joy), An Claíomh Solais (The Sword of Light), and Fontenoy, as well as a writer's journal, Nótaí ón Lár (Notes from the Centre), all published by Leabhar Breac. He is co-editor of the literary annual Bliainiris, and director of the publishing house, Carbad. He published a work of personal reflections on the composer Charles Villiers Stanford called An Chláirseach agus an Choróin in 2010. He has had work published in Comhar, Feasta and Aimsir Óg.

Ratings & Reviews
Friends & Following
Create a free account to discover what your friends think of this book!
Community Reviews
Displaying 1 - 7 of 7 reviews
November 23, 2020
Scéal soiléite eachtraíochta le doimhneacht agus pearsantacht sna carachtair éagsúla. Mistéir na litreach agus an chomhthéacs pholaitiúil á tógáil go sciliúil de réir a chéile, cé go bhfuil sé deacair uaireanta na fíricí, páirtithe agus ainmneacha difriúla a choinneáil go ceart san intinn. Forbairt Lúcáis tríd an leabhar an-mhaith agus sofheicthe, agus brúidiúlacht an chórais Ghallda á léiriú go sofaisticiúil agus le hinchreidteacht. Níor thaitin an stíl reacaireachta liom, an carachtar seo de Dhualtach ag insint an scéil, ach é folaithe is uilechomhfhiosach don chuid is mó de. B'fhearr i bhfad sin a fhágáil ar leataobh agus reacaire uilechomhfhiosach a bheith ann, nó reacaireacht ó pheirspictíocht Lúcáis, braithim. Táim ag súil go mór leis an gcéad leabhar eile agus ag súil le feiscint cén fhorbairt a thiocfaidh ar Lúcás agus é ar an MórRoinn.
November 14, 2019
Is aoibhinn liom Lúcás agus a thuras! D'úsáid Liam Mac Cóil Gaeilge shimplí sa leabhar agus mar sin ní raibh mé ag baint úsáid as an bhfoclóir an t-am ar fad. Bhí seans agam spraoi a bhaint as an scéal. Scéal lán l'eachtra is spleodar é agus táim ag súil go mór leis an leabhar 'I dTír Strainséartha'.
February 19, 2015
Sin é a chéad rud a léigh mé le Liam Mac Cóill, a scríobh leabhair eile mar Fontenoy, An Claíomh Solais agus An Dochtúir Áthas. I nGaillimh i 1612 atá an scéal suite, tar éis Imeacht na nIarlaí. Tá an tír ar fad i ngréim na Sasanaigh, agus níl cuid de na hÉireannaigh sásta leis sin. Thógadh litir do Lúcás, chun é a thug do Ó Néill, atá sa Róimh.
Tá an scéal iontach ar fad agus ní scríobhadh ar leibhéal ró-ard é, mar sin beidh gach duine in ann é a léamhh. Tar éis é a chríochnú, cheannaigh mé an dara ceann as Éirinn. Ceapaim go dtaitneodh sé leis an gcuid is mó, go háirithe le duine atá suim acu i bhficseáin stairiúil agus i nGaillimh.

October 4, 2025
Thaitin sé go mór liom. Tá scéal suimiúil ann agus tá an friotal sách soléite. Tá caighdeán ard Ghaeilge ann agus aithris mhaith (go bhfios domsa ar aon chaoi) ar thréimhse stairiúil.
An laige is mó go bhfuil an eagarthóireacht go huafásach. Tá na céadta botún cló ann, go háirithe as v. sa, an v. na, srl. Is mór an trua an leabhar a bheith millte ag neamhaird an eagarthóra (má rinneadh eagarthóireacht air ar chor ar bith).
Déarfainn go léifidh mé arís é amach anseo, agus go léifidh mé na leabhair eile sa tsraith.

January 1, 2021
Siamsúil ar fad, agus réasúnta éasca le léamh.
January 29, 2021
👍
Scéal iontach floscadh bríomhar é seo, lonnaithe i nGaillimh i rith an 17ú céad. Tá trí leabhar sa tsraith agus seo an chéad cheann!
Scéal iontach floscadh bríomhar é seo, lonnaithe i nGaillimh i rith an 17ú céad. Tá trí leabhar sa tsraith agus seo an chéad cheann!
Displaying 1 - 7 of 7 reviews