Ní rabhas leath chomh sáite i leabhar le fada. (Rud atá soiléir ó na cúig leabhar déag ar an seilf “currently reading”.) Ní raibh mórán casta mar gheall ar an scéil, níl aon rud “as an nua” anseo ach d’imigh sé ar aghaidh go tapaigh. Bhí carachtair láidre, carachtair inchreidte, ann. Bhí aithne agam ar daoine den tsórt sin, bhí ag gach éinne. Chailleas an-chuid codlata toisc mé ag léamh go déanach istoíche. Bhí fonn orm an radharc nua a bhaint amach roimh múchadh na soilse an t-am ar fad agus an bhfuil aon comhartha níos fearr nó moladh níos airde ar aon leabhar i ndáiríre?
Ní rabh an leabhar seo thar mholadh beirte. D’éirigh sé ábhairín nas fearr de réir a chéile, acht ní go leór sin le trí réalta a thabhairt dó, gidh gur thoisigh mé ag smaoitiú air agus mé ag tarraingt ar an deireadh. Tá an Ghaedhlag go hainnis aimléiseach, thar a bheith Béarlach agus le n-a dóthain focail Béarla loma san áireamh. Gidh nach rabh mé tógtha leis an snaidhm i dtoiseacht, d’éirigh an scéal féin giota beag nas fearr agus é ag dul ar aghaidh, acht ní rabh sé ar fheabhas ariamh.
Ní mholfainn do dhuine ar bith an leabhar seo, i ndeireadh na dála.