Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Iosóid.
Bean de shliocht éanlaith an tsí í Éadaoin. Í seal i measc na neamhbhuan abhus, seal i measc na mbuan i mBrí Léith. Is í ba bhanchéile d'Eochaidh Rí na Teamhrach. Ach is do Mhidhir a thug sí grá a croí, do Mhidhir an tsí, Midhir Bhrí Léith, Midhir na háille agus na mbriathra meala.
Agus cén t-iontas an t-ainm 'Éadaoin' uirthi? Bhí bean eile in éad léi: Fuamnach, an chéad bhanchéile a bhí ag Midhir. Fuamnach na draíochta, Fuamnach na gangaide: le trí bhuille dá slaitín caorthainn, rinne sí féileacán d'Éadaoin gur dhíbir thar teorainn agus thar toinn í go ceann cian aimsire.
Bhraith mé gur scór ceoil a bhí á léamh agam seachas leabhar. Níl focal dá laghad gan feidhm. Tá an prós éadrom, gonta, ceolmhar. Seanscéal a bhfuil an mheirg bainte de ag Johnson ach a bhfuil an draíocht go smior ann fós. Leabhar den scoth.
Scéal ársa miotaseolaíochta á insint i bprós álainn fileata. Tá draíocht an tseansaoil á hathchruthú go sárchumasach ag Diarmuid Johnson agus an léitheoir go hiomlán fé gheasa ag an scéal agus ag an teanga ann. Ar cheann de na leabhair Ghaeilge is fearr dá bhfuil léite agam.